Tiomantas an Rialtais do Chomhaontú Iascaigh leis an RA a thugann cosaint do thionscal iascaireachta na hÉireann dearbhaithe arís ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara le hionadaithe ó thionscal iascaireachta na hÉireann inniu chun tiomantas an Rialtais do Chomhaontú Iascaigh leis an RA a thugann cosaint do thionscal iascaireachta na hÉireann a dhearbhú arís. Bhí ionadaithe tionscail ón gceithre Eagraíocht Táirgeoirí Éisc i láthair (Eagraíocht Táirgeoirí Iascairí na gCealla Beaga, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Oirthear na hÉireann, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Iarthar na hÉireann, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann), Cumann Táirgeoirí agus Onnmhaireoirí Éisc na hÉireann agus an Cumann Náisiúnta Iascairí Cois Cladaigh.
Mhínigh ionadaithe ón tionscal iascaireachta na hiarmhairtí tromchúiseacha atá i gceist do thionscal iascaireachta na hÉireann agus do na pobail cois cósta mura mbeidh comhaontú iascaigh againn leis an RA nó aon chomhaontú iascaigh ghéilleann d'éilimh na RA sciar níos mó de na stoic éisc a bheith acu agus go mbeadh teacht srianta ar thalamh iascaireachta na RA. Thug an tAire cluas ghéar do na hábhair imní a chuir ionadaithe tionscail in iúil agus dhearbhaigh staid na hÉireann arís go mbeadh sé ag leanúint de "bhrú a chur orthu comhaontú iascaigh leis an RA a thabharfaidh cosaint don mhandáit agus faoina gcoinneoimid an sciar den chuóta atá againn chomh maith leis an teacht cómhalartach atá ann cheana maidir le huiscí na RA. Thug sé aitheantas arís chomh maith don tábhacht a bhaineann leis an nasc chuig aon chomhaontú trádála amach anseo a bheith coinnithe in aon comhaontú iascaigh.
Chuir an tAire fáilte ach go háirithe roimh an teachtaireacht láidir ón tionscal iascaireachta go bhfuil mórthábhacht le haontacht agus comhoibriú i measc an tionscail iascaireachta baile, na Ballstáit agus na hinstitiúidí Eorpacha ag an gcéim ríthábhachtach seo.
Thug an tAire cluas chomh maith don ábhar imní atá sa tionscal maidir leis an Ionstraim Reachtúil ar phointí i ndáil le sáruithe tromchúiseacha ar an gComhbheartas Iascaigh. Mhínigh an tAire staid na hÉireann agus thug tiomantas na bpáirtithe go léir do rialuithe éifeachtacha chun acmhainní iascaireachta luachmhara i gcrios 200 míle na hÉireann a chosaint agus an gá atá ann go sásódh an tír na hoibleagáidí AE atá orthu sa réimse sin ar aird.
I ndiaidh an chruinnithe is éard a bhí le rá ag an Aire McConalogue:
"Bhí an-áthas orm go raibh an deis agam casadh inniu le hionadaithe ó thionscal na hiascaireachta. Rinneamar plé thar a bheith tairbhiúil ar na dúshláin atá roimh an earnáil mar gheall ar an RA a bheith ag imeacht as an AE agus an Ionstraim Reachtúil ar Phointí. Tá sé i gceist agam leanúint den dlúthrannpháirtíocht seo le tionscal na hiascaireachta as seo amach."
CRÍOCH