Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh príomhíocaíochtaí GLAS (GLAS PLUS)
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu roimh an scéala go bhfuil íocaíochtaí GLAS PLUS eisithe ag an Roinn le 3,200 feirmeoir GLAS, íocaíochtaí ar fiú breis is €675,000 iad.
Déantar na híocaíochtaí seo le feirmeoirí a thug orthu féin, mar chuid den chonradh GLAS atá acu, tuilleadh gníomhaíochtaí GLAS a chur i gcrích a bhféadfadh díbhinn timpeallachta níos airde a bheith mar thoradh orthu.
Tá na híocaíochtaí GLAS PLUS seo á ndéanamh cé nach bhfuil sé an t-achar sin ar chor ar bith ó cuireadh tús le híocaíochtaí comhardaithe GLAS 2019. Cuireadh tús leis an híocaíochtaí sin an 16 Aibreán, mí níos túisce ná mar a bhí beartaithe. Neartóidh na híocaíochtaí seo stádas airgeadais fheirmeoirí na hÉireann a bhfuil brú mór orthu cheana féin de bharr ghéarchéim COVID-19. Tá íocaíochtaí comhardaithe 2019 faighte ag breis is 93% d'fheirmeoirí GLAS go dtí seo, agus is ionann an luach iomlán sin agus beagnach €28m. Ó cuireadh tús le GLAS in 2015, tá íocaíochtaí a bhfuil luach breis is €800 curtha leo faighte ag feirmeoirí faoin scéim.
Thrácht an tAire Creed ar fhreagra éifeachtach a Roinne ar an ngéarchéim reatha agus ar chomh tapa is a déanadh maith de ghealltanais íocaíochta i gcoinníollacha oibre dúshlánacha. Neartóidh na híocaíochtaí seo stádas airgeadais fheirmeoirí na hÉireann a bhfuil brú mór orthu cheana féin de bharr ghéarchéim COVID-19.
Dúirt an tAire Creed:
"Cuirim fáilte roimh an nuacht go bhfuil GLAS fós ag sárú a chuid spriocanna seachadta. Chinntigh freagra solúbtha mo Roinne ar ghéarchéim COVID-19 go bhfuair feirmeoirí a gcuid íocaíochtaí in am, agus in go leor cásanna, níos túisce ná mar a bhí beartaithe. Leanfar d'íocaíochtaí GLAS a eisiúint gach seachtain de réir mar a dhéantar fadhbanna a bhaineann le roinnt cásanna, nach bhfuil réitithe go fóill, a réiteach."
Meabhraítear do rannpháirtithe GLAS go léir go leanfar le rannpháirtíocht GLAS 1 agus 2 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus leanfar le GLAS 3 go dtí an 31 Nollaig 2021.
CRÍOCH
Tá sé beartaithe tús a chur le réamhíocaíochtaí 2020 i lár mhí na Samhna.
Tá tuairim is 48,500 rannpháirtí gníomhach i scéim GLAS agus tá gach íocaíocht atá dlite orthu faighte anois ag breis is 93% d'fheirmeoirí incháilithe agus táthar cothrom le dáta uilig anois leis na híocaíochtaí;
Meabhraítear do rannpháirtithe GLAS go leanfar le rannpháirtíocht GLAS 1 agus 2 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus leanfar le GLAS 3 go dtí an 31 Nollaig 2021.
Tá líne chabhrach ar leith ag an DAFM i leith na scéime GLAS ar féidir teagmháil a dhéanamh léi ag an uimhir: 0761 064451.