Maoiniú do 58 tionscadal cuain Údarás Áitiúil fógartha ag Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, sonraí inniu maidir le pacáiste €3.1m a chuideoidh le 10 nÚdarás Áitiúla le cósta tabhairt faoi 58 dtionscadal forbartha agus deisiúcháin ar chalafoirt agus ar fhánáin atá faoi úinéireacht acu agus na tionscadail sin a thabhairt chun críche (féach an tábla thíos le haghaidh sonraí). Cuirfear maoiniú ar fáil faoin bpacáiste seo d'obair chothabhála agus d'obair dheisiúcháin agus chun tacú le forbairt agus feabhas leanúnach shaoráidí na gcalafort lena n-áirítear roinnt forbairtí fóillíochta mara.
Dúirt an tAire:
"Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuilimid chun leanúint leis an gclár atá againn chun cuidiú leis na hÚdaráis Áitiúla atá le cósta na bonneagair mara atá ceangailte le hiascaigh agus leis an dobharshaothrú atá faoi úinéireacht acu a dheisiú agus a fhorbairt."
Is cuid de Chlár Forbartha Caipitil Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta 2020 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara é clár na nÚdarás Áitiúil, faoina ndéanann an Roinn suas le 75% de chostas iomlán na dtionscadal ceadaithe a chómhaoiniú agus faoina gcuireann an tÚdarás Áitiúil an fuílleach ar fáil.
Dúirt an tAire freisin:
"Tá bunthábhachtach ag baint leis na calafoirt faoi úinéireacht Údarás Áitiúil a fuair maoiniú faoi chlár na bliana seo maidir le folláine shóisialta na bpobal tuaithe le cósta agus tá ról sóisialta agus eacnamaíochta fíorthábhachtach acu maidir lena n-áit faoi seach trí chur le forbairt leanúnach gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht, rannpháirtíocht i bhfóillíocht mhara a mhéadú agus cur le beartais bhreise chun níos mó turasóirí a mhealladh mar gurb iad sin a chruthaíonn an timpeallacht sa deireadh thiar thall ina mbítear ábalta deiseanna fostaíochta a chruthú."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed:
"Is ionann an €3.1m atá curtha ar fáil in 2020 agus léiriú ar an ngealltanas a rinne mé cuidiú leis an bhforbairt eacnamaíochta agus shóisialta leanúnach phobail le cósta na tíre. Cuirfidh an scéim mhéadaithe seo borradh eacnamaíochta a bhfuil géarghá leis faoi na pobail seo, i bhfianaise thionchar phaindéim COVID-19 ar cheantair thuaithe. Tá an réimse éagsúil tionscadal a ceadaíodh maoiniú dóibh faoin gclár scaipthe go tíreolaíoch ar fud 10 nÚdarás Áitiúil agus ní amháin go gcuirfear fostaíocht ar fáil san earnáil tógála thar thréimhse na dtionscadal dá mbarr ach cuirfear feabhas ar na saoráidí a chuirtear ar fáil do phobal na Mara sna ceantair le cósta seo."
Department of Agriculture, Food and the Marine funded Local Authority works 2020
CRÍOCH