Íocaíochtaí Bónais Chromán na gCearc fógartha ag Creed d’fheirmeoirí incháilithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Michael Creed go n-íocfar beagnach €500,000 le feirmeoirí an tseachtain seo mar aitheantas ar an obair a rinne siad i leith séasúr póraithe chromán na gcearc, séasúr a raibh an-rath air. Is íocaíocht díbhinne an íocaíocht seo le feirmeoirí, sa bhreis ar íocaíocht na scéime bliantúla, i leith cromán na gcearc a bheith ar a gcuid talún anuraidh. Is scéim de chuid na Roinne í Scéim Chromán na gCearc faoi Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann agus ar fiú €25 milliún í.
Ba bhliain an-mhaith a bhí sa bhliain anuraidh do chromáin na gcearc - thóg an 56 péire a bhí deimhnithe a bhí sa sé Limistéar Cosanta Speisialta (SPAnna) 81 sicín ar a laghad. Ba é sin an líon is mó le 14 bliain. I gCiarraí is mó a rinneadh dul chun cinn áit ar lig aon phéire amháin amach 5 shicín, rud nár tharla cheana.
Dúirt an tAire Creed:
"Tá scéim Chromán na gCearc ar cheann de phríomhbhearta bithéagsúlachta mo Roinne agus tá sí ag dul ó neart go neart. Tá breis is 1,500 feirmeoir páirteach chun cuidiú an t-éan galánta seo a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. D’éirigh go maith leis an séasúr póraithe anuraidh mar gheall ar na obair mhór a rinne go leor de na páirtithe leasmhara agus tá sé tráthúil go maith gur le linn Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta atá aitheantas á thabhairt dóibh."
Is é cuspóir an chláir seo cuir chuige nua feirmeoireachta a thriail ar mhaithe le caomhnú agus luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí chun an ghnáthóg nádúrtha a fheabhsú chun cuspóirí timpeallachta ar leith a bhaint amach. In éineacht le feirmeoirí, déanann Clár Chromán na gCearc infheistíocht i ngníomhartha a thacaíonn le gnáthóga ar ardchaighdeán a thabhairt chun cinn. Tá breis is €3m in íocaíochtaí íoctha le feirmeoirí le sé mhí. Is ó Chlár Chromán na gCearc an íocaíocht bhónais seo le feirmeoirí incháilithe bunaithe ar chomh maith is atá ag éirí le Cromáin na gCearc ina gceantar féin.
Dúirt an tAire:
"Leis an íocaíocht bhónais seo d’fheirmeoirí, tugtar aitheantas dóibh as an obair atá ar bun acu agus is admháil é gur buntáiste atá ann cromán na gcearc a bheith sa tírdhreach feirmeoireachta. Is cur chuige ardnuálach é agus tréaslaím le Fergal Monaghan agus lena fhoireann sa Chlár Chromán na gCearc. Gura fada rath ar an tionscadal agus iad ag cuidiú le feirmeoirí an tírdhreach ar a bhfuil cromán na gcearc ag brath a bhainistiú."
CRÍOCH
Is tionscadal €25m é Clár Chromán na gCearc arna mhaoiniú ag DAFM faoi chlár RDP na hÉireann. Tá sé i bhfeidhm ó 2017 agus beidh ar siúl go dtí earrach 2023. Oibríonn an clár le breis is 1,500 feirmeoir ó ar fud na sé Limistéar Cosanta Speisialta (SPAnna) don speiceas. Déanann na feirmeoirí seo 38,000 ha de thírdhreach ardtailte a bhainistiú sna Limistéir Chosanta Speisialta.
Is bónas í íocaíocht Chromán na gCearc a bhronntar gach bliain ar rannpháirtithe incháilithe agus is dhíbhinn é atá ceangailte le chomh maith is atá ag éirí le Cromán na gCearc san áit ag leibhéal SPA, le cúnamh ón rannpháirtí. Aithnítear an obair a dhéanann feirmeoirí chun gnáthóga ar ardchaighdeán a chur ar fáil, cur isteach ar an éan a laghdú agus a bheith páirteach i gcur chuige ilghnéitheach maidir le cromán na gcearc a chaomhnú agus tugtar luach saothair dóibh ina leith.
Ní féidir a bheith cinnte den íocaíocht seo, is díbhinn í a íoctar má tá cromán na gcearc ar thalamh an fheirmeora agus ag éirí leis an éan ann agus go bhfuil na torthaí inmhianta á mbaint amach. Tá incháilitheacht do Scéim Chromán na gCearc bunaithe ar fheachtas monatóireachta bliantúil ar chromán na gcearc a dtugann Tionscadal Chromán na gCearc fúithi.
Is féidir teacht ar an Tuarascáil Mhonatóireachta ar an rath atá ar phórú na n-éan ag: www.henharrierproject.ie/HHP_HH_Monitoring_2019.pdf.