Fógartha ag Creed go bhfuil €13.35m le híoc le 100,000 feirmeoir in aisíocaíocht faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu go bhfuiltear tosaithe ag íoc ar ais €13.35 milliún le tuairim is 100,000 feirmeoir. Baineadh an t-airgead sin as a gcuid íocaíochtaí faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) 2018 de réir na rialach um Smacht Airgeadais, agus táthar á íoc ar ais anois de réir rialacháin an AE.
Dúirt an tAire Creed:
"Táim sásta a dheimhniú go bhfuil na híocaíochtaí seo á n-aisíoc anois le feirmeoirí atá incháilithe."
Dúirt an tAire freisin go dtabharfadh na híocaíochtaí seo:
"an méid iomlán a íocfar le feirmeoirí na hÉireann faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2019 suas go €1.192 billiún."
CRÍOCH
I gcomhthéacs nós imeachta bhuiséadach bliantúil an Aontais Eorpaigh, bíonn asbhaintí airgeadais (1.4% i leith laghdú na bliana 2018) i gceist i gcás roinnt íocaíochtaí díreacha de bharr meicníocht smachta airgeadais a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun Cúlchiste a bheith ar fáil don Aontas Eorpach i gcás Géarchéim Airgeadais. Is chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil don earnáil talmhaíochta atá an cúlchiste géarchéime ann sa chás go dtarlódh géarchéim mhór a chuirfeadh isteach ar tháirgeadh nó ar dháileadh talmhaíochta. Sa chás nach ndéantar an Cúlchiste Géarchéime a chur i ngníomh i rith na bliana airgeadais, nó nach n-úsáidtear é ina iomlán, aisíoctar an t-iarmhéid leis na feirmeoirí an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.