Preasráitis
Curtha i gcuimhne ag an Roinn d'fheirmeoirí go bhfuil fógraí Réamhsheiceála BPS á n-eisiúint anois
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go bhfuil fógraí maidir le réamhsheiceálacha faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2020 (BPS) á seoladh anois chuig feirmeoirí.
Déantar na fógraí seo a eisiúint nuair a aimsíonn an Roinn fadhb mar ró-éileamh, forluí nó dé-éileamh ar iarratas BPS 2020 an fheirmeora. Tugann an fógra deis don fheirmeoir na fadhbanna seo a réiteach gan aon phionós a ghearradh orthu.
Sa chás is go bhfaigheadh feirmeoir nó gníomhaire a leithéid d'fhógra, ba chóir dóibh logáil isteach ar www.agfood.ie agus freagra a thabhairt roimh an dáta deiridh an 19 Meitheamh 2020.
CRÍOCH