Cur síos ar ghníomh luath ar thiomantais foraoiseachta i gClár an Rialtais déanta ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Stáit a bhfuil freagracht uirthi i leith Foraoiseachta sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, le fios inniu go bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas dul ar aghaidh go tapa le cur i bhfeidhm líon tiomantas i gClár an Rialtais a bhaineann le cúrsaí foraoiseachta.
Áirítear orthu sin:
Maidir leis na tionscnaimh seo dúirt an tAire Hackett:
"Mar Náisiún, teastaíonn uainn níos mó de na crainn chearta a chur sna háiteanna cearta. Tá Clár an Rialtais tiomanta do phlean foraoiseachta uaillmhianach, agus tá córas daingean ina chuid ríthábhachtach den chuspóir sin. Tá an gníomh luath seo ón Rialtas leagtha amach chun cur le múnla inmharthana ceadúnaithe agus rannpháirtíochta poiblí, agus chun dul i mbun rannpháirtíochta le comhlachtaí poiblí sa bhfeachtas le tuilleadh coillearnacha dúchasacha a chur. Tá an roinn ag cur tuilleadh feabhais ar na gníomhartha seo trí líon mór éiceolaithe a earcú. Is léiriú soiléir iad na bearta seo ar chomh tábhachtach is atá sé go ndéanfaidh an Rialtas ceangal le hearnáil foraoiseachta atá ábalta na buntáistí is fearr uilig eacnamaíochta, sóisialta, timpeallachta agus fostaíochta a chur ar fáil."
Dheimhnigh an tAire go bhfuil dréacht-Bhille chun go mbeidh an córas ceadúnaithe agus achomhairc foraoiseachta ag teacht le próisis phleanála eile den chineál céanna le foilsiú ag deireadh na seachtaine seo ar láithreán gréasáin a Roinne le go mbeidh an pobal in ann breathnú air agus tuairimí a thabhairt ar na tograí. Nuair a bheidh an chomhairleoireacht thart, cuirfear an dréacht-Bhille faoi bhráid an Oireachtais lena bhreithniú chomh luath agus is féidir tar éis bhriseadh an tsamhraidh.
CRÍOCH