Cúnamh d'úinéirí Ealtaí Éanlaith Chlóis a raibh tionchar ag Fliú na nÉan orthu fógartha ag an Aire Cowen
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá scéim tacaíochta aon uaire fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Barry Cowen TD, le haghaidh líon d'ealtaí éanlaith chlois a raibh tionchar ag ráig lagphaitigineach d'fhliú na n-éan orthu i mbliana. Níl aon iarmhairtí sláinte bia i gceist leis an gcineál áirithe seo d'fhliú na n-éan, ach bíonn tionchar aige ar tháirgiúlacht ealtaí.
Dúirt an tAire Cowen:
"Tá mé ag iarraidh aitheantas a thabhairt go bhfuil an beart ceart déanta ag na húinéirí ealtaí atá i gceist a gcuid ealtaí a bhánú ar mhaithe leis an earnáil. I bhfianaise an tionchair ollmhóir eacnamaíochta a bhí aige seo ar a ngnó, tá áthas orm a bheith ábalta beagán cúnaimh a thabhairt i dtreo na gcostas a bhaineann le bánú, costais atá tabhaithe acu."
Gheobhaidh na húinéirí ealtaí atá i gceist sonraí faoin scéim lena n-áirítear na téarmaí agus coinníollacha sna laethanta amach romhainn.
Agus muid ag féachaint chun cinn, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i mbun rannpháirtíochta chomh maith le hionadaithe na hearnála féachaint an tionscal a spreagadh le bearta bainistithe riosca a chur i bhfeidhm don todhchaí.
CRÍOCH
Tá líon ealtaí éanlaith chlóis buailte le cineál áirithe d'fhliú na n-éan (fochineál H6N1) ó mhí Feabhra na bliana seo. Níl aon bhunús dlí ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun maoiniú a chur ar fáil i leith fhochineál H6N1 de bharr nach fochineál é atá sainithe faoin reachtaíocht ábhartha AE a bhfuil gá le idirghabháil. D'ainneoin sin, tá scéim tacaíochta airgeadais aon-uaire curtha i bhfeidhm chun beagán cúnaimh a chur ar fáil d'úinéirí ealtaí le costas bánaithe a gcuid ealtaí. Cuirfidh an DAFM an cuidiú sin ar fáil faoi rialacha cúnaimh stáit de minimis talmhaíochta.