Dáta oscailte don Bheart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola €100 milliún fógartha ag an Aire Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, inniu go mbeifear ábalta iarratais a dhéanamh ar an mBeart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) ó Dé Luain an 19 Lúnasa.
Beifear ábalta iarratais a dhéanamh ar BEAM ón 19 Lúnasa go dtí an 8 Meán Fómhair, an dá lá sin san áireamh. Glacfar le hiarratais ar líne ar AgFood.ie.
Is ar líne amháin a nglacfar le hiarratais, lena chinntiú go ndéanfar íocaíochtaí chomh tapa agus is féidir.
Beidh an beart seo á mhaoiniú ag meascán de chúnamh eisceachtúil ón AE agus le tacaíocht ón Státchiste, atá á chur ar fáil i bhfianaise na gcúinsí deacra ina bhfuil feirmeoirí mairteola na hÉireann mar thoradh ar an luaineacht agus an neamhchinnteacht margaidh atá ann mar gheall ar an mBreatimeacht.
Dúirt an tAire freisin:
"Tá an scéim seo leagtha amach d'fhonn an próiseas iarratais a dhéanamh chomh sothuigthe agus is féidir agus chun go mbeidh fáil ag an oiread feirmeoirí agus is féidir uirthi. Tréimhse dheacair agus corraithe í seo don mhargadh mar gheall ar an tréimhse fhada ina raibh praghsanna laghdaithe mar aon le neamhchinnteacht leanúnach ann ag brath ar an toradh a bheidh ar an mBreatimeacht. Trí BEAM, chomh maith leis an scéim phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP) a tugadh isteach níos luaithe i mbliana, cuirfear infheistíocht suas le €120m i gcúnamh ar fáil don earnáil mairteola in 2019."
Faoi BEAM, cuirfear cúnamh airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí mairteola na hÉireann agus díreofar ar na feirmeoirí is mó atá buailte. Tá BEAM leagtha amach chun riachtanais arna leagan amach ag an gCoimisiún a shásamh freisin, lena n-áirítear tacaíocht a dheonú d'fheirmeoirí atá ag tabhairt faoi ghníomhartha trína gcuirfear lena n-acmhainneacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach. Is scéim dheonach, éileamh bhunaithe í. Beidh ar fheirmeoirí a shásóidh na bunchritéir incháilitheachta a chur de cheangal orthu féin na coinníollacha seo a leanas a bhaint amach d'fhonn a bheith incháilithe do chúnamh.
Ní mór do gach rannpháirtí:
Íocfar an cúnamh ar eallach lánfhásta a maraíodh idir an 24 Meán Fómhair 2018 agus an 12 Bealtaine 2019, ag ráta €100 in aghaidh an ainmhí - faoi réir 100 ainmhí ar a mhéad a bheith maraithe in aghaidh an tréada.
Íocfar an cúnamh chomh maith ar bha diúil a raibh lao acu in 2018, ag an ráta €40 in aghaidh an ainmhí - faoi réir 40 bó dhiúil ar a mhéad in aghaidh an tréada.
Níl tréada déiríochta incháilithe don bheart, seachas tréada déiríochta ina bhfuil níos lú ná 40 bó déiríochta. Is minic a bhíonn fiontar feirmeoireachta measctha i gceist le feirmeacha déiríochta níos lú, bíonn ioncam feirme déiríochta níos lú ná an meán acu freisin, agus is fiontar mairteola a bhíonn i gceist le sciar níos mó den ioncam iomlán ar fheirmeacha.
Níl ainmhithe faoi rialú eagraíochtaí maraithe ná tréada faoi rialú ceannaithe/gníomhairí incháilithe don chúnamh airgeadais seo.
Sa chás go mbeadh ró-éileamh ar BEAM, d'fhéadfadh rátaí íocaíochta a bheith faoi réir athbhreithnithe beaga.
Dúirt an tAire freisin:
"Ba mhaith liom feirmeoirí mairteola a spreagadh chun iarratas a chur ar aghaidh chuig BEAM nuair a bheifear ag cur tús leis an bpróiseas iarratais Dé Luain. Tuigim go maith go bhfuil feirmeoirí ag dul i ngleic le cúinsí margaidh faoi láthair atá an-dúshlánach. Faoin scéim seo cuirfear breis tacaíochta ioncaim ar fáil ag am atá thar a bheith tábhachtach."
CRÍOCH
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le BEAM ag: www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/beam, lena n-áirítear an fógra faoin scéim a cuireadh ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, Téarmaí agus Coinníollacha agus nóta eolais.