By using this website, you consent to our use of cookies. For more information on cookies see our privacy policy page.

Text Size: a a
Home A-Z Index Subscribe/RSS Contact Us Twitter logo small white bird

Tugann an tAire Creed aghaidh ar ghearán teaghlaigh chuig an Ombudsman maidir leis an Scéim um Chailliúint ar Muir

D'fhógair an tAire Creed inniu go bhfuil céimeanna glactha aige chun aghaidh a thabhairt ar ghearán a rinne an teaghlach Byrne maidir leis an iarratas a rinne Winifred Byrne Uasal chuig an Scéim um Chailliúint ar Muir in 2003.

Dúirt an tAire Creed: “Chinn mé úsáid a bhaint as mo bhreithiúnas féin maidir leis an ábhar seo agus moladh an Ombudsman a chur i bhfeidhm chun íocaíocht a dhéanamh ar bhonn ex-gratia le Winifred Byrne Uasal. Déanfar an cinneadh seo go sainiúil chun moladh an Ombudsman maidir le hiarratas Ms Byrne chuig an Scéim um Chailliúint ar Muir a shásamh.”

D'eascair an moladh a rinne an Ombudsman ó ghearán a rinne Daniel Byrne, mac Winifred Byrne, maidir le diúltú iarratas a mháthar chuig an Scéim um Chailliúint ar Muir i ndáil leis an MFV Skijford. Mhol an Ombudsman go n-íocfaí €245,570 sa chás.

Agus aird aige ar na cúinsí deacra ina d’eascair an t-iarratas agus an gearán, dúirt an tAire Creed "Déanaim féin agus mo chuid oifigeach comhbhrón ó chroí le muintir Byrne as an gcailliúint a d’fhulaing siad san imeacht tragóideach bunaidh ar muir.”

 

CRÍOCH

Date Released: 30 April 2018