By using this website, you consent to our use of cookies. For more information on cookies see our privacy policy page.

Text Size: a a
Home A-Z Index Subscribe/RSS Contact Us Twitter logo small white bird

Cuireann Creed Fáilte roimh James Healy a Thoghadh mar an tUachtarán Nua ar Mhacra na Feirme

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., fáilte inniu roimh thoghadh James Healy mar an 36ú hUachtarán ar Mhacra na Feirme.

Dúirt an tAire Creed;

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le James ar a thoghadh mar Uachtarán ar Mhacra na Feirme agus táim ag tnúth le hoibriú leis le linn a thionachta. Eagraíocht thábhachtach é Macra na Feirme i gceantair thuaithe in Éirinn, agus comhlíonann sé ról gníomhach i dtaobh cúrsaí sóisialta agus oideachais araon do dhaoine óga.”

Léirigh an tAire ómós ar Odile Evans as feachtas ar dheacair é a chloí a chur ar bun.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Creed;

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt, chomh maith, don rannchuidiú nach beag a thug an tUachtarán atá ag imeacht as oifig, Seán Finan, a d’oibrigh gan stad ná staonadh chun ionadaíocht a dhéanamh do leasanna feirmeoirí óga i rith a théarma mar Uachtarán.

Is féidir leagan PDF den Phreaseisiúint a fheiceáil: DAFMPR 61/2017 (pdf 174Kb) 

Date Released: 05 April 2017